Naisc Úsáideacha

Friday, June 8, 2012

Trasdul Véineas

Daoibhse nach bhfuair an deis trasdul Véineas a fheiceáil, is féidir leagan mear den turas a fheiceáil anseo ar YouTube.

Tá sé scríofa go bhfuair Véineas a hainm ón mbandia Véineas, bandia an ghrá agus na háilleachta. B’fhéidir é, a léitheoirí, ach, leis an mbáisteach atá ag titim ó thosaigh sí a turas trasna aghaidh na gréine, táim den bharúil go bhfuil droch-spionn ar Véineas.

Bhuel, spin éagsúil, b'fhéidir...

3 comments:

  1. Na Suiméaraigh a bhaist ainm an Bhandé Inanna ar an bpláinéid.

    http://www.weasner.com/etx/fun/2008/little/Names_of_the_Planets.htm

    Is gaire Véineas i miotaseolaíocht na Róimhe di siúd, ach más buan mo chuimhne ba bandia sách colgach í!

    ReplyDelete
  2. Ishtar an t-ainm a bhí ag na Bablónaigh uirthi. Grá agus cogadh a bhí faoina cúram - agus is cuma faoi chothrom na Féinne i ngrá agus i gcogadh, mar a dúirt John Lyly i bhfad ó shin!

    ReplyDelete
  3. @ sách colgach

    Cosúil leis an aimsir anseo inniu, a Aonghuis!

    @ Dennis

    Drochghiúmar ar Ishtar, ceapaim..:-)

    ReplyDelete