Bhí mé ag breathnú ar an teilifís oíche Dé hAoine seo
caite, nuair a bhí an Late Late Show ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód. Tá neart scríofa faoin gclár céanna thar na blianta,
agus scríobhadh neart ón Aoine seo caite, anseo 'gus ansiúd. Daoibhse
nach bhfuil ar an eolas faoin seó seo, craoltar beo é, agus más rud é go ndéantar botún,
bhuel, déantar beo ar an aer é, agus ní féidir na focail, ná na gníomhartha, a
tharraingt siar.
Feictear
dom, agus mé ag breathnú ar an gclár Dé hAoine, go ndearna an láithreoir, Ryan Tubridy, jab maith,
rud nach raibh éasca, ó tharla duine nó dhó le, ahem, deoch nó dhó ólta acu
roimh ré, shílfeá.
Ach, céard faoi gheáitsí Twink an oíche
úd? Tá sé léite agam, thar na blianta, gur taibheoir an-mhaith í. B’fhéidir gur
fíor sin ach ní dheachaigh a cumas aisteoireachta ná stáitse i gcion orm féin
riamh.
É sin
ráite, is cosúil go bhfuil daoine ann a cheap go raibh sí ‘brilliant’ oíche Dé hAoine. Agus mé ag
breathnú uirthi beo ar an seó, caithfidh mé a admháil nach é brilliant an focal
a rith liom féin, ach botún.
Táim i ndiaidh féachaint ar an seó ó thús deireadh mar thoradh ar do bhlagmhír agus bhain mé an-taitneamh as. Hiberniana ceart a bhí ann.
ReplyDeleteAgus maidir le Twink... ar uairibh, ba bhinne a béal agus é ina thost.
@ bhain mé an-taitneamh as.
ReplyDeleteMise freisin, a Fhearghuis.
@ ar uairibh, ba bhinne a béal agus é ina thost.
Go deimhin..:-)
*Faraor* ní fhaca mé an seó sin. Ach seo duit achoimre 30 soic air díobh siúd atá róghnóthach an clár iomlán a fheiscint...
ReplyDeletehttp://www.broadsheet.ie/2012/06/05/the-late-late-50th-anniversary-in-30-seconds/
Greannmhar..:-)
ReplyDelete