Naisc Úsáideacha

Thursday, June 21, 2012

Míorúilt!

Sea, a léitheoirí, tharla an mhíorúilt ar maidin.

Ní raibh súil ar bith agam leis, ach chuala mé le mo chluasa féin na focail ag teacht chugam ó áit éigin i bhfad i gcéin, focail nár chuala mé riamh roimhe, focail nach raibh mé ag súil go gcloisfinn, go brách, ó aon bhanc lochtach,

‘We apologise. We made a mistake. It should not have happened.

Sin leagan gairid de chomhrá a mhair 40 nóiméad ar maidin, iadsan ag glaoch ormsa, an geábh seo; iad iontach deas liom ar an bhfón, caithfidh mé a rá, fiú agus iad do mo chur ó rannóg amháin go rannóg eile, arís eile.  

Ach, creid é nó ná creid, seachas cárta nua bheith ar an mbealach chugam, agus geallúint uatha go bhfuil na sonraí cearta san áit cheart anois, agus go gcuirfear mise ar an eolas faoi gach ‘stop’ láithreach bonn as seo amach, beidh £30 ag dul isteach i mo chuntas, mar chúiteamh ar mo chaillteanas ama, is dócha.  

Tá a fhios agam nach mórán é, a chairde, ach aiféala agus cúiteamh ó bhanc ar bith sa lá atá inniu ann - bhuel, sin míorúilt!

4 comments:

  1. Maith thú as cloí leis an gceist!

    ReplyDelete
  2. £30?! Tá súil agam go mbuailfidh an tubaiste céanna ormsa go luath amach anseo.

    ReplyDelete
  3. Tréaslaím do mhiorúilt leat, a Áine!

    ReplyDelete
  4. @ Aonghus @ Fearn

    Go raibh maith agaibh!

    @ John

    Ní mholfainn é - ní fiú an tairbhe an trioblóid..:-)

    ReplyDelete