Naisc Úsáideacha

Sunday, June 17, 2012

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó, ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na nAithreacha.

Ar maidin, labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe fúthu a roinneamar lena chéile.

Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.  

Bainigí sult as an Lá.  

2 comments:

  1. Glaonna agam ar maidin ó chian is ó chóngar, ó mhic is iníon ag guí Beannachtaí an Lae orm.

    ReplyDelete
  2. Agus na glaonna tuillte agat, cheapfainn féin, a chara..:-)

    ReplyDelete