Naisc Úsáideacha

Saturday, June 23, 2012

Is Ait an Iníon an Aimsir

Bhí an tornádó againn i mBun Cranncha cúpla seachtain ó shin, agus bhí an bháisteach againn inné. Ní dóigh liom go bhfaca mé báisteach mar í riamh, ag an am seo den bhliain, ar aon nós.

Mar nach féidir an aimsir a thaispeáint i bhfocail, seo thíos an abhainn mar a bhí sí ar chúl tí s’againne inné, agus í sách confach,
 …agus, thíos, mar atá sí inniu, agus í i bhfad níos ciúine…fós!
Ní féidir aimsir an Mheithimh a thrust, is cosúil

6 comments:

  1. Is maith liom an dá phictiúr! Caithfidh gur callánach a bhí sé inné: an bháisteach ar an díon agus an abhainn ag éirí! Ach is maith liom fuaim an uisce freisin.

    ReplyDelete
  2. @ Ach is maith liom fuaim an uisce freisin.

    Mise, chomh maith..:-)

    ReplyDelete
  3. táimid 'contúirteach', dar le Symantec, agus teachtaireachtaí atá mé ag fáil úathu siúd. Seans gurbh fhearr dul sa seans le tuilte Bhn Cranncha!

    ReplyDelete
  4. Tusa 'contúirteach' nó 'i gcontúirt', a Réaltán?

    Tá an aimsir socraithe inniu, feictear dom, ach ní féidir í a thrust, mar sin féin - tá sí cosúil leo siúd a bhíonn ag cleasaíocht ar an idirlíon, i ngan fhios dúinn..:-)

    ReplyDelete
  5. Tuilte troma i dtuaisceart Shasana an tseachtain seo freisin, a Áine. In Cumbria, Lancashire agus Yorkshire. Bheadh siad timpeall an leithead céanna daoibhse. De réir na dtuairiscí, thit aon mhí de bhaisteach in aon lá amháin sa cheantar.

    ReplyDelete
  6. @ thit aon mhí de bhaisteach in aon lá amháin sa cheantar.

    Chreidfinn é, a John!

    ReplyDelete