Naisc Úsáideacha

Thursday, May 10, 2012

Smaointe ag Rith

Léigh mé na focail seo a leanas ar m’fhéilire ar maidin, agus rith an smaoineamh liom go mb’fhéidir nach ionann ‘tabhairt faoi deara’ agus ‘chonaic mé’ nó ‘chuala mé.’

‘After you have heard two eye witness accounts of a car accident, it makes you wonder about history.’

Ní hé go gcuireann daoine an fhírinne as a riocht d’aon turas, b’fhéidir, ach go dtugann daoine nithe éagsúla faoi deara, ar an gcéad bhrath dóibh, le rud beag dá gclaontacht féin san aithris scéil, i ngan fhios dóibh féin. 

Ar ndóigh, bíonn daoine ar mhalairt intinne agus ar mhalairt tuairime faoi gach eachtra, is cuma iad i láthair na heachtra nó ná bíodh, mar sin an féidir aon leabhar nó cuntas stairiúil a thrust céad faoin gcéad?

Athfhriotal eile daoibh, a léitheoirí, ceann a fuair mé anseo, ar maidin:

A gloss is a total system of perception and language.

Fírinne nó faoiste fáiste? 

5 comments:

  1. N'fheadar.

    Gluais de dhíth orm chun meabhair a bhaint as an an nath úd!

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Ní nach ionadh, a Aonghuis. Socheolaí (Talcott Parsons) a dúirt an méid sin!

    ReplyDelete
  4. Cén "gloss" atá i gceist, an míniúchán nó an plán mín? ;-)

    ReplyDelete