An bhfuil a fhios agat an difríocht idir ‘Bhí an-chraic
aige’ agus, ahem, ‘Bhí an-chráic aige,’ a léitheoir?
Bhuel, tá a fhios ag Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó
Domhnaill, beirt a chuaigh ar thóir ár síntí fada agus a chuir an foclóir nua,
Our Fada, le chéile, ar mhaithe le séantóirí na síntí fada.
Agus é i gcomhrá le John Murray an lá cheana (chan i gcomhra
le John Murray, an dtuigeann sibh), thug Rossa Ó Snodaigh sampla nó dhó eile as
an bhfoclóir, agus is féidir an comhrá sin a chloisteáil anseo.
Tá timpeall 3000 sampla eile tugtha sa leabhar, atá ar fáil
anois. Our Fada, foilsithe ag Coiscéim, €10.
GRMA as m'aird a tharraingt ar seo, a Áine. Ní shéanfaidh an sean-Sheán seo cabhair leis an síneadh fada go deo ;)
ReplyDeleteDála an scéil, suíomh simplí anseo chun an síneadh fada a chur ar fhocail: http://www.logipam.org/charlifter/ga.php
Suíomh eile i gcomhair ghramadach na Gaeilge, forbartha ag... cé eile... Kevin Scannell.
@ Kevin Scannell
ReplyDeleteNár laga a Ché é, ná an obair iontach a dhéanann sé..:-)