Naisc Úsáideacha

Wednesday, May 23, 2012

Athfhriotal

Dá mhéad m'aineolas, is mó mo thóir ar eolas.

Sin athfhriotal Gaeilge a tháinig chugam agus mé ag iarraidh ceann Béarla ‘My ignorance often astounds others, but it never surprises me at all.'  a chumadh - nó ceann cosúil leis, ach na focail chuí a aimsiú!

Chruthaigh úsáid an fhocail sin ignorance díospóireacht i mo chloigeann; agus díospóireacht le cara liom, bean a cheap go mbainfeá úsáid as an bhfocal ignorance dá mbeadh tú ag caint faoi dhuine dúr neamhghoilliúnach, b’fhéidir, ach ní faoin duine aineolach.  

I gcomhthéacs an athfhriotail as Béarla thuas, an féidir an focal ignorance a úsáid don té nach mbeadh chomh knowledgeable agus ba mhaith leo, mar a déarfá, ach nach bhfuil dúr, neamhghoilliúnach, mar go bhfuil a fhios acu, go rómhaith, nach bhfuil siad go hiomlán eolach ar chuile ábhar beo!?  

7 comments:

  1. Aontaím leat, a Áine, faoi bhrí an fhocail "ignorance" sa chomhthéacs seo.

    Dála an scéíl, tá go leor daoine ann, faraor, nach gcuireann a n-aineolas féin iontas orthu féin, ach ba chóir go gcuirfeadh sé!

    Ar uaire, castar ar dhaoine a bhíonn ní hamháin aineolach ach dúr agus neamhghoilliúnach san áireamh. Níl agat, mar shampla, ach smaoineamh ar na hÉireannaigh gan Ghaelainn a bhíonn ag caitheamh anuas ar an teanga.

    Agus ní foláir nó go bhfuil go leor samplaí eile a d'fhéadfá a lua.

    ReplyDelete
  2. Cuid den fhadhb anseo, b'fhéidir, ná go bhfuil briathar againn, to ignore, a chiallaíonn “gan aird a thabhairt ar rud/duine d'aon ghnó”. Nuair a deirtear “Je l'ignore” i bhFraincis, ní chiallaíonn sé, áfach, ach “níl mé eolach air”.

    ReplyDelete
  3. @ tá go leor daoine ann, faraor, nach gcuireann a n-aineolas féin iontas orthu féin

    Tá, go deimhin..:-)

    @ Dennis

    M'aineolas ag laghdú agus m'eolas ag méadú le do chúnamh, a chara..;-)

    ReplyDelete
  4. Is iomaí focal sa Bhéarla a bhfuil a chiall éirithe tanaí. "Ignorance" ceann acu. I nathanna is aineolas an chiall a bhíonn leis de ghnáth; (m.sh. ignorance is bliss) ach sa ghnáth chaint is dúire sotalach an daoi a chiall.

    Ach is eol don saoi nach eol dó faic!

    ReplyDelete
  5. @ Ach is eol don saoi nach eol dó faic!

    Fíor, a Aonghuis..:-)

    ReplyDelete
  6. Cad faoi seo mar aistriúchán?

    Ionadh le daoine méid m’aineolais.

    Ionadh liom sin.

    ReplyDelete
  7. An-mhaith ar fad, a SheáinO! Is maith liom é..:-)

    ReplyDelete