Tharla sé gur léigh mé na línte sin thuas, ó Tennyson, arú inné, agus chuaigh mé ar mo mharana ar an ábhar iontu.
Meas tú, arsa mé féin liom féin, cé acu is fearr – an croí nárbh eol dó grá riamh, nó an croí atá cráite?
Tar éis an tsaoil, ní mhothófá uait an grá nach raibh ‘riamh’ agat, shílfeá, ach bheadh an croí cráite an-chrua ar dhuine, nach mbeadh?
Measaim féin gur fearr go mór dul sa seans agus tú féin a chur i mbaol an chroí bhriste ná fanacht choíche agus gan an gliondar, an draíocht agus an crá croí a bhraith. Go hiondúil, mura dtógann duine móta uime féin, leigheastar croí briste trí bhíthin bualadh le daoine nua.
ReplyDeleteAontaím le Seán anseo.
ReplyDeleteTaitníonn an t-amhrán seo le Zachery Oberzan go mór liom:
"The Mess I'm In"
http://www.reverbnation.com/play_now/song_538912
Ní fhanann sí, ach tá an t-amhránaí in ann críochnú leis na focail seo mar sin féin:
“you who allowed this monkey to change
his answer to the hard question of,
haven't you ever fallen in love?”
Agus seo ceann eile daoibh, ó Bhuddy Holly.
ReplyDeleteAgus seo dearcadh eile, ó Yeats. Stopfaidh mé anois!
ReplyDelete@ 'leigheastar croí briste trí bhíthin bualadh le daoine nua'
ReplyDeleteSin fíor, a Sheáin, ach ní bheadh croí briste ag an té nár fhulaing caill an ghrá riamh, mar nach bhfuair siad an grá sin 'if they never loved at all,' mar a déarfá, agus, dá bhrí sin, ní aireodh siad uatha, shílfeá, an 'gliondar' ná an 'draíocht' sin a luaigh tú, mar nár mhothaigh siad a leithéidí sa chéad áit!
@ Dennis
ReplyDeleteD'éist mé leis na hamhráin, go raibh maith agat, agus is cosúil gur cluiche de shaghas atá sa 'titim i ngrá'..:-)
Is aoibhinn liom na línte seo ó Yeats:
' And who could play it well enough
If deaf and dumb and blind with love?
He that made this knows all the cost,
For he gave all his heart and lost.'
Rith an smaoineamh liom go mbeadh an té a never to have loved at all go hiomlán aineolach ar an cost sin...
"Meas tú, arsa mé féin liom féin, cé acu is fearr – an croí nárbh eol dó grá riamh, nó an croí atá cráite?"
ReplyDeleteNach bocht an croí nárbh eol dó grá riamh! Is fearr go deo croí cráite ná croí folamh mar, cibé faoin gcrá, níl leigheas ar an bhfolús.
@ níl leigheas ar an bhfolús.
ReplyDeleteTá sé sin fíor, a Fhearghuis, más eol don duine go bhfuil folús ina shaol, ar ndóigh!
Ach, tá an ceart agat, a chara - ba bhocht an croí nárbh eol dó grá riamh..:-)