Naisc Úsáideacha

Wednesday, March 21, 2012

Smaoineamh an Lae

Tuigfidh tú an bás nuair a thuigeann tú nach féidir é a thuiscint.

8 comments:

  1. Tuigfidh tú an bás nuair a ghlacann tú leis an bhfíric nach bhfuil éalú uaidh agus gur cuid do-sheachanta dár nádúr é.

    ReplyDelete
  2. To die is different from what any one supposed, and luckier.

    Cé a dúirt? An raibh an ceart aige??

    ReplyDelete
  3. Mar a dúirt fear liom uair amháin, a Sheáin, 'Dead is a four letter word that never ends.'

    Walt Whitman a dúirt, a Dennis. Maidir leis an 'luckier' sin, bíonn an bás crua ar an té a fágadh, cibé faoin té a d'imigh.

    ReplyDelete
  4. Ní dóigh liom gur féidir le haon duine atá beo fós a bheith ina shaineolaí ar an mbás agus na daoine a bhfuil an bás curtha díobh cheana féin ní féidir leo an scéal a insint.

    Tá súil agam nach bhfuil drochscéal agat féín faoi láthair.

    ReplyDelete
  5. Mar a tharla sé, a Fhearghuis, cuireadh tús tragóideach lenár mbliain, le bás tubaisteach Anna, bean mo dhearthár.

    Agus, aontaím le d'fhocla, a chara. Mar is eol duit féin, tá sé deacair nithe an tsaoil seo a thuiscint, go minic.

    ReplyDelete
  6. Mo chomhbhrón ó chroí leat agus le do dheartháir, a Áine.

    Is ar éigean a chreidim gur tharla an tubaiste chéanna daoibhse agus a tharla dúinne. Go huafásach ar fad.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, a Fhearghuis.

    Go deimhin, tá sé deacair básanna mar iad a thuiscint, a chara.

    ReplyDelete