Beannachtaí an tséasúir uaimse chugaibhse, a léitheoirí.
Go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha.
Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde.

Nollaig Shona duit a Áine! Tá áthas orm go bhfuil tú ag postáil arís ar do blag!
ReplyDeleteGurab amhlaidh duit, a Áine, agus fáilte ar ais!
ReplyDeleteAn tusa a chuma an bheannacht iontach sin?
ReplyDeleteAgus dála an scéil: gura amhlaidh duitse, a Áine.
Áiméan!
ReplyDeleteGloine puins Nollag im' ghlac fé láthair. Ardaím mo ghloine id' threo, a Áine, agus guím sláinte mhaith agus gach rath ortsa agus ar do mhuintir.
ReplyDeleteLá na Boscadóireachta Sona dhuit.
Cad tá le rá ach ‘Go mba hé duit agus dod mhuintir’.
ReplyDeleteGo mba h é dhuit é, Áine.
ReplyDeleteGo raibh míle maith agaibh, a fheara!
ReplyDeleteSea, a Fhearghuis, is mé a chum..:-)
Athbhliain faoi mhaise duit, a Áine. Deas thú a fheiscint ar ais arís ar an sean-fhód.
ReplyDelete