Naisc Úsáideacha

Sunday, October 2, 2011

Tachtadh Tráchta

Tá fadhb le Blogger, arís eile, feictear dom.

Ó am go chéile, le lá nó dhó, rinne mé iarracht ar thrácht a fhágáil ar bhlag nó dhó. Níor éirigh liom trácht a fhágáil ar bhlag Néidí, ná ar bhlag Alex, mar shampla, cé gur éirigh liom, théis iarracht nó dhó, tráchtanna a fhágáil ar bhlaganna eile.

Pé scéal é, tá Éire théis úd eile a fháil, anois díreach, sa chluiche rugbaí i gcoinne na hIodáile. Wúhúúúu! Tá foireann na hÉireann chun cinn 26 -6 i láthair na huaire. Iontach!

♫♪♪ Low lie the fields of Athenry…♫♪♪

7 comments:

  1. Bíonn ar Néidí na tráchtanna a cheadú anois, tharlódh gurbh é sin an toisc nach bhfaca tú iad. Tá córas eile ar fad ag Alex; oibríonn sé scaití, briste scaití eile! Agus tá sé iomlán neamhspleách ar Bhlogger. Ach d'éirigh liom trácht a chuir ann díreach anois.

    ReplyDelete
  2. Ar aon nós, ba é an trácht thar úd-líne na n-Iodálach isteach an trácht ba thábhachtaí inniu. :-)

    ReplyDelete
  3. Tá a fhios agam faoin gcóras nua atá ag Néidí, a Aonghuis, ach ní leis sin atá an fhadhb. Bhí an fhadhb chéanna agam leis na blaganna eile, ach amháin gur éirigh liom trácht a fhágáil ar chuid acu, faoi dheireadh. Go raibh maith agat, mar sin féin.

    @an trácht ba thábhachtaí inniu. :-)

    Aontaím leat, a Fhearghuis!

    ReplyDelete
  4. Ní féidir liom míreanna a fhoilsiú, ach níor fhág aon duine trácht le fada ar mo bhlag!

    ReplyDelete
  5. Seans nach bhfuil siad in ann, a Néidí. Fadhb ann fós le Blogger, sílim.

    ReplyDelete
  6. An fhadhb chéanna agamsa le PCanna, a Áine, ach oibríonn sé ar mo Mhac.

    ReplyDelete
  7. Ní thuigim céard atá ag tarlú, a John, ach tá fadhbanna fós ann, agus níl aon Mhac agam..:-)

    ReplyDelete