Naisc Úsáideacha

Tuesday, October 11, 2011

Prios Beagmhaitheasa

Inniu, d’fhreastail mé ar ócáid, le Bord Fiontar Chontae Dhún na nGall, in óstán An Grianán, áit inar chuala mé mná suimiúla ag labhairt; a scéalta fiontracha féin á roinnt acu uilig leis an lucht éisteachta.

Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’

Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.

Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.    

2 comments:

  1. An bhfuair tú maitheas riamh id' phrios beagmhaitheasa, a Áine? Níl a leithéid agam, faraor, toisc go bhfuil an oiread sin tithe feicithe agam. Ní fhéadfainn rudaí-gan-aon-mhaith a iompar liom gach uair a athraím tí. Bíonn orm leabhair a chaitheamh amach fiú, bhuel a thabhairt go siopaí carthanachta iad. Ní maith a bheith rónéata ach oiread.

    ReplyDelete
  2. @ An bhfuair tú maitheas riamh id' phrios beagmhaitheasa, a Áine?

    Ní cuimhin liom go bhfuair!

    Gheall mé dom féin, agus mé ag bogadh go Ceann Scríbe, nach dtabharfainn a dhath as an seanphrios liom, agus níor thug.

    Faraor, thosaigh mé ag bailiú arís..:-(

    ReplyDelete