Naisc Úsáideacha

Sunday, October 9, 2011

Focail Féilire

Wisdom outweighs any wealth.

Is fearr saíocht ná saibhreas.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo. Tuilleadh uaidh anseo.

Más imeartas focal atá uait, nó giota grinn le cleasaíocht briathra, b'fhéidir, seo leagan Gaeilge eile uaim,

Is fearr saoi ar eagna ná suí ar uibheacha!

4 comments:

  1. Tá cúpla ceann mar seo againn i Sean-Ghaeilge, ó Fhlann Fína macc Ossu:

    Ferr sonaide sétaib.
    (Tá rath níos fearr ná seoda.)

    Ferr sochraide slabrai.
    (Tá cairdeas níos fearr ná spré.)

    Agus:

    Ferr ecnae n-anaib.
    (Tá eagna níos fearr ná saibreas.)

    ReplyDelete
  2. Maith thú, a Dennis!

    Agus, go raibh maith agat as iad a roinnt linn anseo..:-)

    ReplyDelete
  3. Iad ar fad go deis, agus is maith liom ach go háirithe an imeartas focal. Ar tí é a ghoid & a sheoladh ar twitter.

    ReplyDelete
  4. @ Ar tí é a ghoid & a sheoladh ar twitter.

    Goid leat, a chara..:-)

    ReplyDelete