Naisc Úsáideacha

Wednesday, October 5, 2011

Blagálaí Buaiteach!

Ní dhearna mé dearmad air, ach bhí mé ag fanacht go bhfeicfinn liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh an Oireachtais, rud nár éirigh liom a fháil, ach, ar maidin, chonaic mé an liosta ar shuíomh Nuacht24, rud a thugann deis dom mo chomhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí uilig i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2011, ach, go háirithe, is maith liom go bhfuil deis agam mo ‘Go maire tú do nuacht!’ a rá lenár gcomhbhlagálaí, Proinsias Mac a’Bhaird, a bhuaigh, feictear dom, trí dhuais i mbliana.

Maith thú, a Phroinsias! 

5 comments:

  1. An chéad duais sa chéad chatagóir! Bhí súil agam go mbeadh sí aige.
    :-)

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agaibh a chairde, agus mo leithscéal as mo thost le mí nó dhó anuas

    ReplyDelete
  3. @ mo leithscéal as mo thost le mí nó dhó anuas

    Is léir go raibh tú gnóthach, a chara..:-)

    Ag dúil go mór le thú a fheiceáil ag an gCúirt Filíochta, a Phroinsias, agus ceannóidh mé pionta duit ansin.

    ReplyDelete
  4. comhghairdeas do Phroinsias. Agus comhghairdeas d'fhear óg muinteartha liom, Fiach Mac Fhionnlaoich. Ach gurb é liosta Áine, ní bheadh a fhios agam go cionn téimhse ró-fhada óna thuismitheoirí!
    Maith sibh, an bheirt agaibh!

    ReplyDelete