Ní dhearna mé dearmad air, ach bhí mé ag fanacht go bhfeicfinn liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh an Oireachtais, rud nár éirigh liom a fháil, ach, ar maidin, chonaic mé an liosta ar shuíomh Nuacht24, rud a thugann deis dom mo chomhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí uilig i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2011, ach, go háirithe, is maith liom go bhfuil deis agam mo ‘Go maire tú do nuacht!’ a rá lenár gcomhbhlagálaí, Proinsias Mac a’Bhaird, a bhuaigh, feictear dom, trí dhuais i mbliana.
comhghairdeas do Phroinsias. Agus comhghairdeas d'fhear óg muinteartha liom, Fiach Mac Fhionnlaoich. Ach gurb é liosta Áine, ní bheadh a fhios agam go cionn téimhse ró-fhada óna thuismitheoirí! Maith sibh, an bheirt agaibh!
An chéad duais sa chéad chatagóir! Bhí súil agam go mbeadh sí aige.
ReplyDelete:-)
Proinsias abú!
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh a chairde, agus mo leithscéal as mo thost le mí nó dhó anuas
ReplyDelete@ mo leithscéal as mo thost le mí nó dhó anuas
ReplyDeleteIs léir go raibh tú gnóthach, a chara..:-)
Ag dúil go mór le thú a fheiceáil ag an gCúirt Filíochta, a Phroinsias, agus ceannóidh mé pionta duit ansin.
comhghairdeas do Phroinsias. Agus comhghairdeas d'fhear óg muinteartha liom, Fiach Mac Fhionnlaoich. Ach gurb é liosta Áine, ní bheadh a fhios agam go cionn téimhse ró-fhada óna thuismitheoirí!
ReplyDeleteMaith sibh, an bheirt agaibh!