Tuesday, January 14, 2014

Comórtas Amhránaíochta

Mar is eol daoibh, bhí mé páirteach sa chomórtas amhránaíochta, luaite ansin thuas, anuraidh, a léitheoirí, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. 

Ní dóigh liom go mbeidh amhrán réidh in am agam i mbliana, faraor, ach chuala mé go raibh Seán Bán ag labhairt faoin gcomórtas ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, agus chuir sé i gcuimhne dom go bhfuil spriocdháta na bliana seo ag teacht níos gaire, agus go mba chóir dom é sin a lua libh anseo, a chairde, ar fhaitíos amhrán réidh agaibh féin lena aghaidh, nach bhfuil seolta agaibh chucu fós. 

Mar sin, má tá amhrán réidh agat don Fhéile Pan-Cheilteach, b'fhiú go mór duit an t-alt seo le Cathal Póirtéir a léamh ar shuíomh writing.ie, áit a bhfaighidh sibh na sonraí uilig maidir leis an gcomórtas amhránaíochta. 

Beidh ort d'iarratas a sheoladh chuig Glór Cheatharlach, ar dhlúthdhiosca, roimh 5.00 i.n. ar an Aoine, 31 Eanáir, 2014, sé sin le rá, tá beagán os cionn coicíse fágtha a'd, más mian leat d'amhrán a chur san áireamh don chomórtas náisiúnta, a bheidh ar siúl ar 8 Márta, 2014, i gCeatharlach. 

Má éiríonn le d'amhrán sa chomórtas náisiúnta, beidh sé san iomaíocht sa chomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i nDoire i mbliana, idir an 22-27 Aibreáin. Is féidir an clár, agus sonraí na gcomórtas uile, a fháil ag www.panceltic.ie.  

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ádh mór arís i mbliana!

Mise Áine said...

Ní dóigh liom go mbeidh m'amhrán réidh agam in am - níl amhránaí aimsithe agam fós!

Ach, go raibh maith agat, mar sin féin, a chara..:-)

Míshásta said...

Bronntanais dheasa seachas an finscéal grinn úd le Daniel Cassidy.

Mise Áine said...

@ Míshásta

Glacaim leis go mbaineann an trácht seo leis an mír sin thuas ar 'Aithne agus Eolas,' a Mhíshásta - ar ndóigh, is fiú finscéal grinn a léamh, freisin, ó am go chéile..:-)