Saturday, September 21, 2013

Gaga ar Doughnuts

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, scríobh mé cheana faoi na leaideanna luais sin atá tugtha faoi deara agam, go minic, nuair a bhím thiar sa mbaile, i gCeantar na nOileán agus, go deimhin, scríobh mé chomh maith céanna faoi na rámhaillí gaga atá cloiste ó leaids óga ar leith sa cheantar seo, in Inis Eoghain. 


An tseachtain seo caite, bhí mé ag tiomáint i gCeantar na nOileán, ag tiomáint tríd oileán Eanach Mheáin, ar mo bhealach siar go Leitir Calaidh, nuair a thug mé faoi deara go raibh carr i lár an bhóthair, amach romham, agus é ag baint deataigh as rothaí an chairr; an carr ag dul timpeall i gciorcail, d'aon ghnó, go dtí go raibh an doughnut atá le feiceáil sa ngrianghraf thuas déanta aige, is dócha.

Ní raibh de rogha agam ach stopadh giota maith soir ón gcarr roithleánach, mar a rinne dhá charr eile a bhí ag teacht aniar an bóthar; ar fhaitíos na bhfaitíos go gcaillfeadh an tiománaí smacht ar an gcarr, b'fhéidir, ach mar gheall go raibh sé ag rothlú i lár an bhóthair, ach go háirithe. 

M'anam, a léitheoirí, ach stop mé féin, ar dtús, mar gur baineadh geit asam a leithéidí a fheiceáil ag tarlú i lár an lae ghil, amhail is dá mba rud é gur chuma sa tsioc leis an tiománaí cé a chonaic é, ná cé a bheadh i gcontúirt, dá gcaillfeadh sé smacht ar an gcarr!
Nuair a bhí a chuid fáinneála críochnaithe ag an tiománaí, suas leis bóthar bhaile Eanach Mheáin, mar a fheicfidh sibh ó na rianta bonn atá sa ghrianghraf thuas. Tá doughnuts eile feicthe agam ar an mbóthar sin, gar don reilig thuas ann, reilig ina bhfuil daoine óga curtha cheana féin, faraor géar. 

Feicim rianta doughnuts an lucht gaga ar go leor de bhóithre na tíre, cé gurb é seo an chéad uair a chonaic mé an gníomh ag tarlú beo os comhair mo dhá shúil féin. Ón méid atá léite agam anseo, san A Dictionary of Slang, séard is doughnut ann ná,

'1. An idiot, a contemptible person. 
2. A skilled manoeuvre in a motorized vehicle, whereby it is repeatedly spun on the spot through 360°, resulting in the tyres overheating and consequently leaving burnt rubber on the tarmac - in the shape of a doughnut.'

Fágfaidh mé fúibh féin é, a léitheoirí, cé acu uimhir 1 nó uimhir 2 thuas an míniú is fearr a fheileann do thiománaí an chairr úd. 

4 comments:

aonghus said...

An dá mar a chéile iad.

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

An ró-dhásacht, an óige agus an t-ól: is teaglaim chontúirteach í go ró-mhinic agus mar sin a bhí sé riamh anall ó bhí cairr ar fáil don aos óg.

Bítear ag maíomh as sa tábhairne istoíche, gan amhras.

Ach, chun na fírinne a rá, is minic a chuireann sé creatha fuachta orm nuair a chuimhním ar roinnt de na heachtraí ar ghlac mé féin páirt iontu, ahem, fadó.

Ach ní raibh na "taoschnónna" ina measc! (Eagla roimh an athair, is dócha.)

Mise Áine said...

Is cás é a théann thar mo scil féin, a Aonghuis!

@ creatha fuachta

Tuigim do chás, a Ormondo..;-)