Thursday, November 29, 2012

Tacaíocht

Rinne mé cinneadh i mbliana go ndéanfainn gach iarracht ar earraí na Nollag a cheannach go háitiúil, sa bhaile anseo i mBun Cranncha. 

Tá ag éirí go maith liom, mar go bhfuil úinéirí na siopaí ag déanamh a n-iarrachtaí féin ar son na cúise geilleagraí, agus tá lascainí go leor á dtabhairt, feictear dom.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím ag éisteacht leis an raidió go minic, agus tá cúpla rud a chuala mé le déanaí, gur mhaith liom a roinnt libh anseo ar maidin, le deis a thabhairt daoibh bhur dtacaíocht féin a thabhairt, más mian libh.

Amárach, beidh Fiver Friday ann, agus iarrtar orainn cúig euro sa bhreis a chaitheamh, más féidir, le tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre agus, dá bhrí sin, dá chéile. Má théann tú isteach anseo, ar shuíomh Liveline le Joe Duffy ar RTÉ Raidió 1, feicfidh tú cá bhfuil na margaí éagsúla le fáil, má tá fiver le spáráil agat; nó má tá táirgí/seirbhís le díol agat ar fiver amárach, is féidir leat an t-eolas sin a roinnt leo ansin. 

Mar a scríobh mé cheana, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú geilleagrach, agus tá RTÉ 2fm, i gcomhar le SuperValu agus na daoine sin atá ag obair go dian le Cumann Naomh Uinseann de Pól, ag cuidiú le Daidí na Nollag arís i mbliana, agus iarrtar orainn,

Simply drop an unwrapped toy any time up to December 9th at the special pick-up points at 195 SuperValu stores nationwide. Of course, we want to make sure that older children also get something from Santa, so we'd also welcome vouchers, books orbook tokens…Our wish is that every child gets a toy this Christmas.’

Mura bhfuil am ná deis agat bréagán a cheannach, nó mura bhfuil siopa le SuperValu i ngar duit, is féidir leat féirín fíorúil a bhronnadh anseo.  

Tuigim go maith go bhfuil daoine ann nach bhfuil pingin rua le spáráil acu, ach más rud go bhfuil, creidim féin go bhfuil cumhacht i gcaitheamh agus i bhfáil.

Ar scáth a chéile…

6 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

grma as sin a mheabhrú domh, a áine. ag gabhail síos chuig Baile Phámair anocht agus tá Supervalu ansin. Beidh beart beag faoi m'ascaill.

Anonymous said...

Dás neasa, sea is fearr. (Prionsabal na Coimhdeachta)

Mise Áine said...

Go ndéana a mhaith duit, a Réaltán.

@ SheáinÓ

An é Charity begins at home atá i gceist leis an 'Dás neasa, sea is fearr' sin?

Maíth dom m'aineolas ar Phrionsabal na Coimhdeachta, ach níor chuala mé an nath sin cheana, a chara.

Anonymous said...

Prionsabal na Coimhdeachta = The Principle of Subsidiarity. Ionann sin is a rá gur fearr déileáil le hocras, dífhostaíocht, bochtaineacht, siamsaíocht, cultúr, oideachas agus chuile rud eile a bhaineann leis an sochaí logánta go logánta. A mhalairt ar fad an prionsabal seo leis an dearcadh a deir ‘Fág faoin Rialtas é.’

ormondo said...

"Dás neasa, sea is fearr."

Mura "mé féin" atá i gceist, is dócha!

Mise Áine said...

@ SeanO
@ Prionsabal na Coimhdeachta

Bhuel, táim ag foghlaim liom, a chara, go raibh maith agat!

Le hais do mhiniú féin, rinne mé googláil ar an bprionsabal sin, agus is dóigh liom go bhféadfadh muid uilig rud éigin a fhoghlaim ón nath sin..:-)

@ Ormondo @ "mé féin"

Fuair mé seanfhocal ón leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' ar maidin, faoin gceannteideal 'Cúnamh', ceann a d'fheilfeadh, b'fhéidir..;-)

'Is mall guth an éin a labhraíos leis féin.'