Saturday, October 20, 2012

Jab Le Déanamh


Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’

Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go dtí inniu.

Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas agam. 

Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.

Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt ‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a deirtear, ceapaim.

‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé, nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,

‘The frost turned the colour on the trees last night.’

Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha. 



4 comments:

Anonymous said...

Sea, an rud céanna ag tarlú anseo. D’imir an sioc claochlú ar dhath na gcrann aréir. Agus iad ag titim ina sluaite, cuireann siad i gcuimhne dom líne as dán le Keats (?); 'like ghosts from an enchanter fleeing, yellow and black and pale and hectic red, pestilence stricken multitudes….'

Mise Áine said...

Íomhá álainn eile - ón dán Ode to the West Wind le Shelley; dar le mo leabhar soundings; poems we did for our leaving cert, lch. 112.

Tá cuimhne iontach agat, a Sheáin - ní raibh na línte sin agam, agus bhí orm iad a Ghoogláil, le teacht ar an eolas thuas. Dán eile le léamh agam anois..:-)

@ D’imir an sioc claochlú ar dhath na gcrann aréir

Is maith liom an nath sin - an tú féin a chum é?

Anonymous said...

Cé eile?

Mise Áine said...

Cé eile, go deimhin..:-)