Friday, September 21, 2012

Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile


Bean an tSléibhe a d’inis dom faoin siopa leabhar Universal Books, siopa atá ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, agus siopa inar féidir leabhair athláimhe a cheannach. 
 
David is ainm d’úinéir an tsiopa, agus ó tharla go raibh aithne aige orm ón gcéad lá a shiúil mé isteach chuige, an mhí seo caite, agus go raibh a fhios aige, ón gcuairt sin, go bhfuil suim atá agam i leabhair Ghaeilge, is eisean a d’inis dom go raibh an tseoid leabhair thuas, Laoiṫe na Féinne, faighte aige, agus é le díol aige, dá mbeadh suim agam ann.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlaganna, tá luí nach beag agamsa le leabhair, agus nuair a bhím istigh i siopaí leabhar, ní théim abhaile gan leabhar nó dhó liom. Mar a fheicfidh sibh, ón bpictiúr thíos, rinne mé amhlaidh an geábh seo. 
Bhuel, nuair a chonaic An Garraíodóir na leabhair uilig, beag nár thit an fear bocht as a sheasamh.

‘Count each one as a Mayo goal.’ arsa mé féin, sular cuireadh aon cheist orm faoi, ahem, chostas na leabhar, an dtuigeann sibh.

Ní raibh gá a thuilleadh a rá. Tá sé breá sásta anois, mar atá mé féin, a léitheoirí, le mo charnán luachmhar taighde/eolais ag méadú. Ach, is féidir margadh a dhéanamh le David, mar a rinne mise, agus b’fhéidir go bhfaighfeá cupán tae uaidh, freisin. Tá atmaisféar ar leith sa siopa sin, agus is duine cairdiúil cuidiúil é mar úinéir, feictear dom.

B’fhiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh Facebook atá aige, mar bíonn féirín nó dhó le feiceáil ann, go minic. Is ann a chonaic mé an leabhar a gheobhaidh An Garraíodóir don Nollaig, ach, shhhh, ná habair tada leis! Ní fhaca sé é sa charnán. Ní fhaca sé ach cúil Mhaigh Eo..;-)  


4 comments:

Néidí said...

Is aoibhinn liom siopaí leabhair áitiúla seachas Easons mór. Níl Easons chomh dona sin ach tá an ghráin agam do cheannacht leabhar arlíne. Níl a fhios agam cén fáth..

John said...

Tá súil agam go bhfuil do dhóthain seilfeanna folmha sa tigh agat don charn sin leabhair, a Áine. Muna bhfuil molaim na 'seilfeanna' thíos duit. Tá siad crochta i gcaifé gar dom i gCaerdydd, agus tá siad an-éifeachtach.

http://www.blessthisstuff.com/stuff/living/art-decor/conceal-shelf-invisible-bookshelf/

DAS, beidh mé i nGaillimh i lár na míosa seo chugainn. Ag súil cheana féin leis an turas go Charlie Byrne's.

ormondo said...

An mbeidh tú riamh in ann na leabair uilig a léamh?

Mise Áine said...

Is maith liom féin 'leabhar i mo lámh', a Néidí, é a oscailt anseo 'gus ansiúd, agus giotaí a léamh as, sula gceannóidh mé é.

Tá spás agam fós, a John, agus cé go bhfuil na seilfeanna úd go deas, ní dóigh liom go gceannóidh mé aon leabhar eile go ceann tamaill fhada eile..:-)

@ An mbeidh tú riamh in ann na leabair uilig a léamh?

Ag tumadh a bhím, a Fhearghuis, ag bailiú eolais astu, ag brath ar cén t-ábhar a bhíonn idir lámha agam ag an am.

É sin ráite, táim den bharúil go bhfuil mo dhóthain leabhar agam anois - tá súil agam!