Wednesday, July 25, 2012

Focail Féilire


Beirt ar aon intinn, sin cairdeas.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla, thíos, ón bhfear seo, Mencius,

‘Friendship is one mind in two bodies.’

Ar ndóigh, d’fhéadfadh beirt bheith ar aon intinn, agus an cairdeas sin a bheith contúirteach, ach sin scéal eile.

Chonaic mé athfhriotal eile ó Mencius ar an suíomh seo,

‘Truth uttered before its time is always dangerous.’

Go deimhin, is iomaí duine nach bhfuil ag iarraidh an fhírinne a chloisteáil, is cuma cén uair a thugtar í. An binn béal ina thost?

Thar na blianta, bhí, agus tá fós, ar fud an domhain, daoine ar an eolas faoi dhrochobair agus dhrochíde a bhí, agus atá, ag tarlú timpeall orthu. Níor labhair siad amach, agus ní labhraíonn siad amach; ar bhun cairdis, nó mar gheall go bhfuil faitíos orthu, b’fhéidir, roimh eaglais, roimh stát, nó roimh phobal.


‘All that is necessary for the triumph of evil is that good men do nothing.’

Go dtugtar neart agus fuinneamh d’fhocail agus do ghníomhartha an dea-dhuine. 

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

Bhí Mencius ina pholaiteoir? Munar pholaiteoir é de réir gairme, cinnte gur pholaiteoir de réir nádúir! Bíonn an fhírinne searbh agus garbh in amanna, ach sin an saol.

John said...

Hmmmm, ní aontaím ar chor ar bith le mo dhuine Mencius, a Áine!!! Ní aontaíonn mé féin is mo chara Andy faoi ábhar ar bith - polaitíocht, spórt, scannáin... Mar sin bíonn go leor le plé againn le piontaí :)

Mise Áine said...

@ an fhírinne searbh agus garbh in amanna

Go díreach, a Réaltán, ach tá daoine ann agus ní feidir leo glacadh leis an bhfírinne, muise!

@ go leor le plé againn

Ar ndóigh, sin an chraic is fearr, a John!

Ní bhíonn sé féin agus mé féin ar aon intinn faoi go leor rudaí, ach is dlúthchairde muid; glacann seisean le m'fhírinne agus glacann mise leis m'fhírinne..;-)