Wednesday, May 30, 2012

Focail Féilire

‘Dlí i gcúirt, ceart i gcothrom.’

Mo leagan féin d’athfhriotal na mná seo, athfhriotal a léigh mé ar m’fhéilire inné:

'Law and justice are not always the same.'

Tuilleadh ón mbean chéanna anseo. Tharraing an ceann seo m'aird ina threo,

‘Women are not going to be equal outside the home until men are equal in it.'

Hmmm...caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar an gceann sin...an mbeadh bean ag iarraidh..?...an mbeadh fear ag iarraidh..?...an mbeadh fear in ann..?...ceisteanna, ceisteanna, ceisteanna...freagraí aon duine? 

9 comments:

Anonymous said...

An Dlí agus An Chóir, ní i gcónaí mar leathbhádóirí iad.

Mise Áine said...

Is maith liom é, agus is maith liom gur thug tú ceannlitreacha do Dhlí agus do Chóir - cuireann sé sin le láidreacht na teachtaireachta, feictear dom. B'fhéidir go ndéanfaidh me amhlaidh le Ceart thuas..:-)

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Má tá cead agam rím a dhéanamh as an moladh de chuid Sheáín:

"Níl An Dlí agus An Chóir
ina dhá leathbhádóir."


(Faoi dheireadh gan bhotún!!)

Mise Áine said...

...:-)

Cén sórt aimsir atá agaibh thall, a Fhearghuis?

An t-ádh linn anseo in Inis Eoghain, go dtí seo, mar go bhfuil an aimsir go hálainn, ach chuala mé go bhfuil an bháisteach, atá ag titim go fras ar fud na tíre seo i láthair na huaire, ar an mbealach ó thuaidh! Ochón..:-(

ormondo said...

Tá an aimsir anseo imithe beagán i bhfuaire le roinnt laethanta anuas, a Áine, agus an t-aer fuar ag teacht aduaidh chugainn.

aonghus said...

Tá cúis ann gurbh Roinn Dlí agus Cirt atá againn abhus!

Mise Áine said...

@ Ormondo

Is cosúil gur díle atá i ndán dúinn anseo in Éirinn amárach!

@ Aonghus

An-mhaith, a chara - níor thug mé é sin faoi deara go dtí seo..;-)