Monday, January 31, 2011

Oíche na Féile Bríde

Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú.’

Sin mar a scríobh Proinsias ar a bhlag anuraidh, agus bhí dearmad glan déanta agam féin den bhrat, go dtí go bhfuair mé glaoch, inniu, ó Bhean an tSléibhe, len é a chur i gcuimhne dom.

Chuaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon, le go bhfeicfinn cén scéal atá taobh thiar den nós seo, agus tháinig mé ar an méid seo, ón leabhar Gnás na Féile Bríde, le Sean Ó Duinn,

Seo nós a bhíodh ag na seandaoine fadó. Nuair a bhíodh Féile naomh Bríd ann do théadh fear an tí amach san oíche agus d' fhaigheadh sé punann choirce agus d' fhágadh sé ar leac an dorais í. 'Sé an fath a dhéantaí é sin na nuair a thagadh Naomh Bríd chuig an doras an oíche sin agus nuair a fheiceadh sí an phunann go gcuireadh sí rath ar an gcoirce sin an bhliain sin (IFC 902; 108; Seán Ó Conaire, Druid Snámh, Mám, Contae na Gaillimhe, Narrator; Cait Ni Chonaire, Scribe).’

Aisteach go leor, labhair mé le duine nó dhó as Conamara anocht, agus níl cuimhne acusan go mbíodh a leithéid á dhéanamh, ach is léir gur nós é ‘Bratach Bhríde’ a bhaineann leis an taobh seo tíre, Dún na nGall, pé scéal é. Scríobhann an t-údar,

‘What is expressed here, is a belief fundamental to the cult of Brigid in Ireland - the belief that Brigid returns from the Otherworld on this night, that she visits the houses of those who venerate her, and that she bestows her blessing on various objects placed outside the door, notably Brat Bhríde - a piece of cloth called 'St Brigid's Cloak' used for cures and protection.

These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’

Só, sin agaibh é, a léitheoirí. Téigí anois agus faighigí píosa d’éadach bán, agus. crochaigí taobh amuigh den doras anocht é. Ón méid atá léite agam
anseo, beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine, agus dá bhrí sin, is dócha, na
powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat.

Mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, deirtear, ach an brat a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach, le go mbeidh fáil agaibh air ‘in am an ghátair’.

Go n-éirí sibh, agus go n-éirí libh!

Jabanna Ar Fáil

Níor mhaith liom go mbeadh sé curtha i mo leith nach raibh mé féaráilte, ná gur tharraing aon bhlagmhír uaim 'tuilleadh díspeagadh agus masla' sa mhullach ar aon fhear nó bean, agus, dá bhrí sin, ar fhaitíos na bhfaitíos, táim breá sásta Andy agus Richard - ó tharla iad dífhostaithe anois, an dtuigeann sibh - táim breá sásta an bheirt acu a chur ar an eolas faoi na jabanna seo.

Caithfear a bheith tuisceanach, na laethanta seo...

Friday, January 28, 2011

Ar Camchuairt

Inné, rinne mé féin agus Bean an tSléibhe mar a rinneamar cheana, agus chuamar go Gaoth Dobhair, ar camchuairt.

Bhí mo cheamara nua liom agam, agus thóg mé cúpla grianghraf eile daoibh, a léitheoirí, ó tharla an lá agus an áit chomh hálainn sin, agus ó tharla mé ag iarraidh a dhul i dtaithí ar mo bhréagán nua.   


Sin thuas Gleann Nimhe. An bhfuair sé a ainm ó Bhalor na Súile Nimhe, nó ó chartagrafaí Sasanach, meas tú? Tá freagra, ceapaim, le léamh anseo.

Tá scéal eile, scéal nach mbaineann ar chor ar bith leis an áit álainn thuas, ach scéal a bhaineann leis An tSúil Nimhe, le léamh anseo - níl ann ach gur tháinig mé air, mar scéal, agus mé ag útamáil thart ar an idirlíon anois díreach, agus cheap mé go raibh na focail dheireanacha ann, 'ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.' sách tráthúil don aimsir láithreach, an dtuigeann sibh.




Tá fothracha na seaneaglaise, eaglais a tógadh le linn na 1830aidí, le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf thuas, agus tá Dunlewey House, teach mhuintir Guinness, i bhfolach sna crainn ar dheis.



Sin thuas ‘Bád Eddie’, mar a thugtar air, ‘bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna 1970idí agus atá ann go fóill.’ Is léir go bhfuil.

Wednesday, January 26, 2011

Señora Áine!

Táim ag foghlaim Spáinnise le seachtain anuas.

Mar a dúirt mé libh cheana, tá sé i gceist agam, le bliain anuas, Spáinnis a fhoghlaim, le go mbeidh mé in ann cumarsáid a dhéanamh le lucht a labhartha, an chéad uair eile a bheas mé ina gcuideachta.  

Chuir mé mo chéad ríomhphost as Spáinnis inniu, chuig cairde liom thall i Madrid, áit a mbeidh mé ag dul an Samhradh seo, le cuidiú ¿Quién?. Seo mar a scríobh mé é, mé ag iarraidh úsáid a bhaint as a raibh foghlamtha agam le seachtain anuas, an dtuigeann sibh: 

¿Que tal?

Me llamo Áine. Soy Irlandesa. Soy de Irlanda, y vivo en Irlanda. No soy de España. No hablo español. (No, no es en absoluto dificil!). Yo hablo irlandés y inglés.

Bhí 'wúhúúúúúúúúúúúú!' breá fada curtha agam ag deireadh an ríomhphoist. Tá a fhios agam gur, ahem, focal Gaeilge é 'wúhú', a léitheoirí, ach chinn mé go mb’fhéidir nach mbeadh ‘olé’ feiliúnach…

Pé scéal é, bhí mo nótaí ón rang taobh liom, chomh maith le trí leabhar eile faoin teanga, iad uilig ag cuidiú liom m’iarracht a chur le chéile, bíodh sí ceart nó mícheart. Bhí mé féin ag súil le freagra ar ais uatha, as Béarla, rud nár tháinig. Freagra Spáinnise a tháinig.

Sách maith agam é! Chuir m’iarracht ghaisciúil iallach orm mo leabhair fhoghlama a tharraingt chugam arís, agus an diabhal freagra a aistriú.

Bhuel, leis an fhírinne a insint, chuaigh mé, ahem, isteach in Google Translate ach, mar sin féin, d’fhoghlaim mé gur ionann ‘nuestro idioma’ agus ‘teanga s’againne’, agus gur ionann ‘un beso’ agus ‘póg’, focail nach raibh ar eolas agam ar maidin, agus focail, táim cinnte, as a mbainfear úsáid rialta amach anseo. Sea.

Ar aon nós, táim ar tí na ‘jabanna’ a fhoghlaim anois.  Tá sé soiléir go maith, fiú don fhoghlaimeoir aosta seo, céard is ‘médico’ agus céard is ‘policia’ ann, ach an bhfuil a fhios agaibh, a lucht an ‘níloireadisfocalamháinSpáinniseareolasagam’, an bhfuil a fhios agaibhse céard a dhéanann an ‘bombero’?

Sea, is comhraiceoir dóiteáin é nó í. Deile!

Beyoncé agus Bean Pháidín

Más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag éisteacht le fadhbanna na tíre, is cuma sibh thall nó abhus, caithigí súil ar an bhfíseán seo, agus déanaigí dearmad ar gach rud eile, ar feadh scaithimh.

Táim buíoch de Liam Hart, duine de mo 'chairde' ar Facebook, as m'aird a tharraingt ar an gceangal, ahem, tábhachtach seo idir an dá chultúr.

Monday, January 24, 2011

As Alt, As Ord

Ní hamháin go gceapann an láithreoir spóirt Andy Gray nach dtuigeann bean ar bith ‘the offside rule’, ach tá a dhrochmheas maidir le mná ar láthair na himeartha, agus drochmheas a chomhghleacaí, Richard Keys, le cloisteáil go soiléir uatha.

Is cuma an raibh nó nach raibh a fhios acu go raibh a ‘sexist little conversation’ le cloisteáil, is léir go gcreideann an bheirt nach bhfuil an réiteoir Sian Massey in ann a jab a dhéanamh, cé go bhfuil na cáilíochtaí céanna aici is atá ag aon fhear a cáiliú mar réiteoir, is dóigh liom. 

Is láithreoirí an bheirt acu le Sky Sports, agus ní hé seo an chéad uair acu a ndrochmheas, ar chumas ban in earnáil na peile, a roinnt ar an aer.

Meas tú nach bhfuil sé thar am ag Sky cic sa tóin a thabhairt don bheirt seo, le go bhfanfaidh siadsan, agus a bhfocail ghnéasaíocha, ar an taobhlíne, áit nach mbeidh deis ag ceachtar acu bheith páirteach sna cluichí níos mó?  

Nó, an aontaíonn tú le Richard Keys, a dúirt nach bhfuil sa ‘complaining about sexisim’ ach an cluiche ‘gone mad’?

Cé atá 'out of touch'?

Friday, January 21, 2011

Greannmhaireacht

Am lóin a bhí ann. Inné. Bhí mé tuirseach. Tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le geáitsí na Dála ar an raidió; Brian, Enda, Éamon, agus Caoimhghín ag imirt cluiche fichille de shaghas éigin, ar urlár na Dála; cluiche nach dtuigim, leath den am, leis an bhfírinne a rá.

Go deimhin, táim den bharúil nach dtuigeann siad féin céard atá ag tarlú. Ní hé an scéal céanna atá ag teacht ó aon pháirtí, agus an scéal sin níos measa inniu, feictear dom. Pé scéal é, ar ais linn go dtí inné, agus mo thuras ó bhun go barr.  

Bhí mo chloigeann bocht cráite. Thuig mé cén fáth ar imigh Micheál, ceapaim, cé nár imigh sé nuair ba chóir, shílfeá, ach, cén fáth ar imigh Mary, Dermot, Noel, Tony agus Batt? Agus, cá raibh An Comhaontas Glas? An raibh siad ag sulcáil? An raibh siad ag seitríl?

Shúil mé isteach sa seomra leapa thuas staighre, agus sheas mé ag an bhfuinneog. Bhí uaim áilleacht na gréine agus na habhann a shú isteach trí mo shúile, an dtuigeann sibh, le nach mbeadh a thuilleadh áite, i mo chloigeann, do gheáitsí na Dála.

Is i mo sheasamh ansin a bhí mé, ag breathnú síos ar an abhainn, nuair a chonaic mé iad. Bhí siad ag siúl, go mall réidh, i dtreo an droichid; beirt scoláirí ó mheánscoil áitiúil, iad i ngreim láimhe, iad i súilín seirce, shílfeá.

Bhí ceathrar eile, beirt chailíní, agus beirt bhuachaillí, cairde na leannán, ag siúl, go  mall réidh, ina ndiaidh.  Stop na leannáin ar an droichead. Stop an ceathrar cairde, freisin, agus sheasadar ansin, ag labhairt lena chéile, ag breathnú chuile áit ach ar an mbeirt rompu, a bhí ag pógadh.

Chríochnaigh an phóg. Scaoileadh leis an ngreim láimhe. Tháinig an seisear le chéile, ach  níor labhair aon duine. Shiúil an triúr cailíní i dtreo amháin, agus shiúil an triúr buachaillí i dtreo eile.  Ní raibh sulcáil ná seitríl ó aon duine. Ní raibh sa radharc romham ach aoibhneas álainn an óige.

Gura fada buan a n-aoibhneas croí.

Wednesday, January 19, 2011

Saoirse

Sibhse a lean an scéal seo faoi Saoirse Heffernan, cailín beag, cúig bliana d’aois, a rinneadh fáthmheas uirthi ag tús na bliana seo caite, an drochscéal faighte ag a muintir, Tony agus Mary, gurb é Batten’s Disease a bhí á déanamh tinn, beidh a fhios agaibh, seans, go bhfuair Saoirse bás arú inné. Suaimhneas síoraí dá hanam óg álainn.

Cuireadh tús leis an Saoirse Foundation le go mbeadh eolas ar fáil, in Éirinn, dóibh siúd atá ag dul i ngleic leis an ngalar, é mar aidhm ag an bhforas  ‘…do what we have to do to try and save those presently affected and find a cure for future generations…’

I Mí an Mhárta, anuraidh, fuair Tony agus Mary amach go bhfuil an galar céanna ar a n-aonmhac, Liam, agus, ón méid a léigh mé ón suíomh, Bee for Battens, tá iníon le hAlan agus Shauna Bates as Doire, Rhiannon, teagmhaithe leis an ngalar, chomh maith.

Anois, tá a fhios agam nach bhfuil mórán airgid le spáráil ag daoine na laethanta seo, a léitheoirí, ach, le bhur dtoil, caithigí súil ar an leathanach seo, agus mura bhfuil tú in ann síntiús airgid a thabhairt, b’fhéidir go bhfuil cartús dúigh folamh agat, nó go bhfuil fón póca díomhaoin caite i ndrár agat, nó go bhfuil bronntanas eile agat a d’fhéadfá a chur chucu, le go mbeidh muidne, freisin, ag déanamh iarrachta ‘to try and save those presently affected and find a cure for future generations…

Agus, mura miste libh, scaipigí an scéal. Le bhur dtoil.

Tuesday, January 18, 2011

Páirtí, nó Tír?

Só, tá toghchán príobháideach ag lucht Fhianna Fáil inniu. Nó, toghchán rúnda is cirte a rá. Níl a dhath príobháideach faoin méid a chualamar uatha, cé go raibh go leor rúndachta le cloisteáil, mar sin féin.

Táthar ann, baill d’Fhianna Fáil, a labhair amach go hoscailte, agus a thóg taobh amháin nó taobh eile, cuid acu ag tacú le Brian Cowen, cuid acu ag tacú le Micheál Martin; an bhladaireacht pholaitiúil chéanna le cloisteáil ón dá thaobh.

Ar an taobh eile de, táthar ann, baill d’Fhianna Fáil, a labhair amach go hoscailte, ach nár thóg taobh amháin nó taobh eile, a meon folaithe i muine focal, shílfeá, an ‘fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cén taobh is fearr a oibreoidh ar mhaithe liom féin’ b’fhéidir. Deacair a rá.

Ach, chuala mise na focail ‘best for the party’ go rómhinic an tseachtain seo, agus sílim gur cuma cén duine a roghnófar mar cheannaire ar an bpáirtí sin, tá an ‘lack of connection’ sin - focail a chuala mé ó bhéal Willie O’Dea ar an raidió inné, fear le tuiscint nach beag aige ar ‘lack of connection’, b'fhéidir– tá an ‘lack of connection’ le pobal na tíre seo le brath sna focail sin ‘best for the party’.

Agus, seans, go bhfuil an ‘lack of connection’ sin le brath sna focail ón ‘uncommitted TD’ a labhair ag deireadh an ailt seo, freisin, agus a dúirt,

Not many of our deputies listen to the Ryan Tubridy show on 2FM.’

B’fhéidir é, a dhuine gan ainm, ach tá go leor de phobal na tíre a éisteann leis, agus lena leithéid, agus sin an rud, is dóigh liom, nach dtuigeann baill de pháirtí ar bith a deir ‘best for the party’.

Friday, January 14, 2011

Cá Bhfuil Muid?

D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha.  Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.

A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.

Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.  

Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,

‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…

agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,

‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’

Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?

Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail… 

Thursday, January 13, 2011

Cowen San Fhuacht?


Brian Cowen san fhuacht? Ní dóigh liom é. Feictear dom go bhfuil craiceann tiubh ar an bhfear sin, rud nach bhfuil ar an bhfear sneachta thuas, fear sneachta a tógadh i rith na drochaimsire i gCarn Domhnach, a bhuí leis an ealaíontóir áitiúil, Kenny Kelly.

Is léir go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach, ach nuair nár cuireadh an ruaig air tar éis na heachtra seo, mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon deifir ar a chomhghleacaithe, ná ar a chomhpháirtithe, scaoileadh lena ngreim ar thír ná ar Thaoiseach.

Mar sin féin, táim den bharúil go bhfuil an leá ar an mbealach...

Tuesday, January 11, 2011

Fadhb agus Toradh

Dúradh liom geábh, agus mé ag fás aníos, ‘Don’t keep looking at the problem, look for the solution!’ Dea-chomhairle a bhí ann, agus chloígh mé leis, ar feadh mo shaoil. Níor chaith mé iomarca ama ag breathnú ar aon fhadhb, agus rinne mé iarracht theacht ar réiteach éigin, chomh luath agus a d’fhéadfainn.

Is amhlaidh a chaith mé leis an bhfadhb a bhí agam le Google le trí lá anuas.  Cibé fáth a bhí acu leis, agus níl a fhios agam féin céard é, ach amháin, dar lena bhfreagraí uathoibríocha, gur thugadar ‘unusual activity’ faoi deara ar mo bhlag, chinn an comhlacht mór, Google, mo bhlag, Mise Áine, agus an ríomhphost den ainm céanna atá ceangailte leis an mblag, a chur ar ceal.

Go sealadach, is cosúil.

Líon mé amach dhá ‘Account Recovery Form’, ach diúltaíodh dóibh. Níor ghlac Google leis na sonraí pearsanta a chuir mé chucu, agus bhí neart eolais sna sonraí sin, cheap mé féin, ach dúirt na freagraí uathoibríocha uatha ‘Unfortunately, based on the information you provided, we were unable to verify that you own this account.’

Anois díreach, tar éis dhá ‘verification code’ nua a fháil ag an deireadh seachtaine, nár oibrigh dom, rinne mé iarracht eile anocht. D’iarr mé verification code nua orthu, fuair mé é ar m'fhón póca, chuir mé isteach sa leathanach cuí é, agus ‘hey presto!’ tá Mise Áine ar ais ar an bhfód!

Wú húúúúúúúúúú!

Ach, beidh mé ag fanacht anseo, a léitheoirí, ag an mblag nua seo. Cuirfidh mé an scéal sin ar mo sheanbhlag anois, agus cuirfidh mé an dá bhlag in aithne dá chéile; sé sin le rá, cuirfidh mé nasc ón gceann seo chuig Mise Áine, agus cuirfidh mé an nasc chuig an gceann seo ar Mise Áine, le go mbeidh a fhios ag na léitheoirí cá bhfuilim anois, agus cá raibh mé ag scríobh roimhe seo.  

Ach, as seo amach, beidh mo rámhaillí anseo.

Agus, as seo amach, beidh comhad cúltaca agam, agus beidh gach blagmhír uaim ag dul isteach ann, idir shean agus nua, chomh luath agus a fhoghlaimeoidh mé cén chaoi a ndéantar a leithéid. Gabh mo leithscéal, ach caithfidh mé imeacht liom anois; ar thóir ‘solution’ don fhadhb sin, an dtuigeann sibh…

Monday, January 10, 2011

Mise Áine Caillte?

Nílim cinnte céard a tharla, leis an fhírinne a rá, a léitheoirí. Tá mise, Áine, beo beathach, ach diabhal a fhios agam cá bhfuil mo bhlag, Mise Áine. Tá sé caillte agam, feictear dom.

Bhuel, mura bhfuil sé caillte, tá sé faoi mhíchumas, ar aon nós. Tá sé 'disabled' ag Google faoi láthair, ó tharla, dar leo, 'unusual activity' de shaghas éigin tugtha faoi deara acu ar mo bhlag.

Hmmm...suimiúil. Céard is 'unusual activity' ann, meas tú? Táthar ann a cheapann gur, ahem, iondúil an rud é an rud 'unusual' ar mo bhlag, ach sin scéal eile. 

Fan go bhfeice mé anois. Is fearr breathnú ar na nithe sin a rinne mé le mo chuntas blagála oíche Dé Sathairn seo caite, díreach sular chuir Google mo bhlag bocht faoi mhíchumas; ar fhaitíos gur mé féin a bhí ciontach as an 'unusual activity' sin, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh.

Bhuel, bhí mé i mo shuí ag mo ríomhaire, agus phostáil mé an bhlagmhír thíos, Tá Sé Ar Ais, ar mo bhlag, Mise Áine. Fadhb ar bith leis sin, cheapfá. Ach, b'fhéidir gur cheap Google gur ag tagairt do Terminator éigin a bhí mé, agus gur le Arnold an lámhainn ar an gcrann?

Nó, b'fhéidir go raibh faitíos orthu go raibh Arnold ar tí 'unusual activity' de shaghas éigin a dhéanamh, agus go raibh siad ag iarraidh stop a chur leis in am? Deacair a rá.

Ansin, léigh mé na blaganna eile, go bhfeicfinn an raibh a dhath suimiúil á rá acu, agus d'fhág mé trácht nó dhó, ar bhlag nó dhó, más buan mo chuimhne, agus mar is iondúil liom. Táim fiosrach, agus barúlach, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta - más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!

An é nár thaitin mo thrácht le Google, agus mé ar mo thuras fiosrach barúlach timpeall na mblagsféar? Nó, an raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú ar mo bhlag, i ngan fhios dom? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl a fhios agamsa, ach tá a fhios agam nach bhfuil fáil agam ar Mise Áine faoi láthair, faraor.

Mo chuimhne, táim ag brath ar mo chomhbhlagálaithe, agus oraibhse ar Facebook agus ar Twitter, a leanann mo rámhaillí rialta, an scéal a scaipeadh faoi mo bhlag nua, Rámhaille, mura miste libh. Diabhal a fhios agam an bhfaighidh mé mo sheanbhlag, Mise Áine, ar ais, ar chor ar bith, agus ní féidir liom bheith gan bhlag, ó tharla faitíos orm go mbeadh sibh uaigneach i m'uireasa, mura mbeinn ag rámhaillíocht liom. Sea.

Pé scéal é, chuir mé blagmhíreanna na bliana seo ar an mblag nua seo inniu, ó tharla fáil agam orthu ó shuíomh "Gaeilge" via Aonghus, bail óna Ché air! Déanfaidh mé iarracht na seanmhíreanna uilig a fháil ar ais, má fhéadaim, dé réir a chéile. Tá siad uilig le fáil ar an suíomh sin le hAonghus, ach ní féidir iad a aimsiú in aon áit eile, ag an am seo.

Moladh agam daoibh, a chomhbhlagálaithe - sábháil bhur mblagmhíreanna uilig anois, más mian libh gan iad a chailleadh! Tuilleadh uaim ar an ábhar seo amach anseo.

Beidh mé ag obair ar an mblag seo go rialta, agus tá súil agam na naisc uilig a chur ar fáil air go luath, idir naisc nuachta, naisc don fhoghlaimeoir, agus naisc úsáideacha eile; mar a bhíodh agam ar Mise Áine.

As seo amach, is anseo a bheas mé, a léitheoirí. Tá fearadh na fáilte romhaibh teacht isteach i mo Chomhluadar, ar thaobh na láimhe deise ansin, agus bhur hataí a chrochadh ann, más mian libh. Nó, buail isteach chugam anseo, ó am go chéile.

Ba mhór liom bhur gcuideachta ar mo bhlag nua.

Tá Sé Ar Ais!

via Mise Áine by Mise Áine on 8/1/11

Lámhainn suas! An bhfaca aon duine agaibhse an sneachta ar maidin?

Tá sé ar ais anseo in Inis Eoghain, áit a bhfaca mé an lámhainn, sa sneachtagraf thuas, agus mé amuigh ag siúl i Swan Park ar maidin.

Seans gur chaill duine éigin an lámhbheart, agus gur chuir duine éigin eile ar ghéag an chrainn é. Pé scéal é, tharraing sé mo shúilse ina threo, agus is dóigh liom go ndéanfaidh sé amhlaidh le súil cibé duine a chaill é.

Idir an dá linn, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an miotóg bhocht 'out off a limb' agus 'out on a limb' ag an am céanna.

Beartais na Bliana Nua

via Mise Áine by Mise Áine on 5/1/11

Ar thosaigh sibh ar na dea-rúin sin fós?

De réir mar atá léite agam, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon, is iad na cinn chéanna a roghnaíonn daoine chuile bhliain, a bheag nó a mhór.

1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Feicim go bhfuil ‘
find a soul mate’ luaite áit éigin, agus seans go bhfuil sé de rún ag daoine iarracht a dhéanamh titim i ngrá, ach, mar a dúirt mé cheana, ní rogha ach bogha atá i gceannas nuair is cúrsaí grá atá i gceist, i mo thuairim.

Chomh maith le rúin shuimiúla éagsúla ghreannmhara eile, tá cúrsaí grá luaite sna rúin atá beartaithe anseo, a léitheoirí, agus táim den bharúil nach é ‘
find a soul mate’ a fhaigheann tús áite i gcroí an duine a scríobh mar a leanas,

‘I will not hang around girls - they think you love them and that sucks.’

Tús Maith?

via Mise Áine by Mise Áine on 1/4/11

Tháinig mo cheamara nua sa phost ar maidin. Tá leabhrán eolais leis. Tá 243 leathanach sa leabhrán sin.

Thosaigh mé ag léamh.

1.
Getting Started

– this chapter explains preparatory steps before you start shooting and basic camera operations.


Ceart go leor, arsa mé féin liom féin. Tosóidh mé leis an gcéad rud,
Attaching the Strap.

Dhá uair an chloig a thóg sé orm an méid sin a dhéanamh.

Tosóidh mé le
Attach the Battery amárach…

Ríluachmhar

via Mise Áine by Mise Áine on 1/3/11
Lá Nollag a tháinig an glaoch, um thráthnóna. Bhíomar inár suí sa chistin, bricfeasta deireanach ite againn, na bronntanais uilig oscailte.

D’aithin mé an guth ar an nguthán ar an bpointe. Cara m’iníne a bhí ann, cailín atá ag obair san India i láthair na huaire, cailín a shuigh go mion minic chun boird leis an gclann a bhí ina suí chun boird an mhaidin sin.

Happy Christmas!’ arsa sí go gliondrach, cé gur airigh mé uaigneas an deoraí ina beannacht.

It’s evening time here…’ a dúirt sí, '...and I was standing by the banks of the Ganges, thinking of you all, so I just lit a candle, and sent it floating down the river, for all of you today.’

Shamhlaigh mé an cailín álainn sin, í na mílte míle óna baile dúchais, í ina seasamh taobh leis an nGanges ag cuimhneamh orainne, í ag lasadh coinnle dúinn agus á cur, le cion, ag snámh ar abhainn i bhfad i gcéin.

Agus mé ag breathnú amach ar an abhainn a ritheann ar chúl tí s’againne, is é an smaoineamh a rith liom agus mé ag éisteacht léi ar an bhfón, ná gurbh álainn amach is amach, agus gur ríluachmhar, an bronntanas a thug sí dúinn an mhaidin úd.

Ag Casadh Carúl

via Mise Áine by Mise Áine on 3/1/11

B'fhéidir go bhfuil an Nollaig thart, a léitheoirí, ach is fiú súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo, agus ar an gceann seo, más rud go dtaitníonn ainmhithe, agus carúil na Nollag, leat.

Bainigí sult astu!