Saturday, April 23, 2011

Cara nó Namhaid?

Tharla sé go raibh mé ag útamáil liom istigh san áis iontach sin, Pota Focal, nuair a thug mé faoi deara rud ann, rud nár thugas faoi deara roimhe seo.

Is dócha go raibh an t-eolas ann an t-am ar fad agus nach bhfaca mise é, ó tharla gur minic mé faoi dheifir-nach-bhfuil-gá-ar-chor-ar-bith-leis, ach, ag bun an leathanaigh ann, thug mé faoi deara go dtugtar ‘ord minicíochta’ an fhocail don chuardaitheoir.

Chinn mé cuardach a dhéanamh ar na focail ‘cara’ agus ‘namhaid’, le haghaidh ‘an chraic’, an dtuigeann sibh, go bhfeicfinn cé acu focal is minice in úsáid ag lucht na Gaeilge - sin sibhse agus mise, agus ár leithéidí, is dócha, a léitheoirí.

Dar le Pota Focal, is é ‘cara’ an ‘294ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 3,703 focal’, gan ‘namhaid’ ach sa 2,305ú’ áit, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 131,640 focal’.

Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuilimid iontach cairdiúil, a léitheoirí, nó an gciallaíonn sé go gcoinnímid ár naimhdeas i bhfolach?  Hmmm…

3 comments:

Dennis King said...

Is iad na litreacha uilig a thosaíonn leis na focail “a chara” is cúis leis seo, gan dabht!
:-)

Mise Áine said...

Seans go bhfuil baint nach beag acu leis, gan dabht, a chara!

Réaltán Ní Leannáin said...

ní hea, táimid chomh deas cairdiúil sin , mar a deir Áine!