Thursday, February 10, 2011

Levantarse!

Dé Luain a tharla sé, más buan mo chuimhne.

Bhí mé ag léamh ceacht Spáinnise, ag iarraidh ciall a bhaint as. Bhí leathchluas ag éisteacht leis an gcraic ar an raidió, ag iarraidh ciall a bhaint as geáitsíocht Enda.

A leithéid de raiméis, arsa mé féin liom féin. Ní ar an gceacht Spáinnise a bhí mo smaointe dírithe, ag an am.

Is ansin, ag an nóiméad smaointeach sin, a chonaic mé é. Scríofa, os mo chomhair, ar leathanach an leabhair, bhí an focal Spáinnise, levantarse.

Rinne mé dhá fhocal den fhocal amháin sin. I mo chloigeann, an dtuigeann sibh. Agus, an bhfuil a fhios agaibh cén smaoineamh a rith liom ansin?  

‘Éirigh de do thóin!’  

Sea. Gabh mo leithscéal, a léitheoirí. Ní ar an gceacht Spáinnise a bhí mo smaointe dírithe, ag an am.

10 comments:

aonghus said...

Bundún ó aird éirí na gréine?

http://dictionary.reference.com/browse/levant

Ní dóigh liom go bhfuil aoinne acu ábalta levantarnos!

Mise Áine said...

ASG!

aonghus said...

Nó REA? (Réir en alto?)

aonghus said...

réir == gáire

(Bhíos ag iarraidh Spáinnis a chuir ar "ag gáire ós ard")

Réaltán Ní Leannáin said...

bain triail as 'me cago en la hostia'.

aonghus said...

Tá sé sin thar a bheith maslach!

aonghus said...

Nó b'fhéidir nach bhfuil. Feicim nach nglactar le bunbhrí na focail níos mó.

Ach ní leathbhreac "ASG" atá ann ach oiread.

Mise Áine said...

Táim ag REA anseo anois, a Aonghuis, ó tharla gur léigh mé an 'réir en alto' sin roimh chaife na maidine a bheith olta agam, agus is ag breathnú ar 'réir' mar fhocal Gaeilge a bhí me!

GRMA, a Réaltáin. An bhfuil do leabhar seolta fós? Táim ag súil go mór leis.

ormondo said...

Olltoghchán na hÉireann? ¡Ay! Que dolor!

Bhíos sa Spáinn sa bhliain 1987 don chéad uair agus mé ag déanamh camchuairte (agus ag seachaint a leithéidí Torremolinos, Costa Brava srl). Cheannaíos closchaiséad leis na Chunguitos agus bhinn ag éisteacht leis le fada ina dhiaidh sin go dtí gur chailleas é.

Seo dhuit dhá de na hamhráin ba mhó a thaitin liom:

http://www.youtube.com/watch?v=JHO7PR7ve1U

http://www.youtube.com/watch?v=kdTmXppp4Qc&playnext=1&list=PL73C14ADF3314C829

Mise Áine said...

GRMA, a Ormondo. Bhí mé in ann an chéad cheann a fháil, agus, cé nár thuig mé focal (fós!), thaitin an 'beat' liom...:-)

Níor éirigh liom an dara ceann a aimsiú.